Imelda Marcos
Iar–pholaiteoir Filipíneach is ea Imelda Marcos, a rugadh ar 2 Iúil 1929, Bhí sí pósta le Ferdinand Marcos, iaruachtarán agus deachtóir. Bhí sí ina "Céad Bhean Uasal" ar an na hOileáin Fhilipíneacha sna blianta 1965-1986.[1][2]

Eachtra
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Iúil 1966, agus iad ar chamchuairt sna Filipínigh, mhaslaigh na Beatles Imelda Marcos,, de thaisme mar a tharla. Thug an t-uachtarán cuireadh don bhanna teacht go Pálás an Uachtaráin, chun bricfeasta a fháil ag fáiltiú oifigiúil. Dhiúltaigh Brian Epstein é go béasach, mar bhí polasaí ag an mbanna aon chuireadh chomh "hoifigiúil" seo a dhiúltú. Bhí sé ar intinn acu lá saoire a thógáil ar an lá céanna, rud a bhí an-luachmhar dóibh i rith na laethanta gnóthacha seo. Ní raibh Imelda Marcos den tuairim chéanna ar chor ar bith, áfach, agus thóg sí é mar mhasla.
Bhí iontas ar na Beatles nuair a chuala siad an ruaille buaille ar an nuacht, agus bhí gach stáisiún ag labhairt faoin eachtra. Chuaigh an scéal in olcas go tapaidh. Chaill an banna an chosaint phóilíneachta a bhí acu, agus b'éigean dóibh taisteal go hAerfort Manila ina n-aonair. Shroich siad an t-aerfort slán sábháilte, ach nuair a bhí siad ann ciceadh agus buaileadh a mbainisteoir turais, Mal Evans, agus fuair an banna féin an chóir chéanna.
Nuair a bhí siad ar an eitleán agus ag fanacht ar an rúidbhealach, tógadh Epstein agus Evans amach as arís, chun labhairt leis na húdaráis. I ndeireadh na dála, bhí ar Epstein an t-airgead ar fad a thuill an banna sa tír a thabhairt ar ais, sular ghéill siad dóibh dul ar ais ar an eitleán.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Katherine Ellison, Imelda, Steel Butterfly of the Philippines, McGraw-Hill, New York, 1988. ISBN 0-07-019335-5
- ↑ Imelda: a Story of the Philippines, Beatriz Francia
| Is síol faoi dhuine Filipíneach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |