Jump to content

Striapachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
seirbhísí striapaí a lorg
gabhadh striapach as gnéas ar airgead a thairiscint, le Étienne Jeaurat (1699–1789) i bPáras
Miss Peg Plunkett (1727 1797) aka Leeson, cúirtéiseánach nó bean luí as Contae na hIarmhí
"The Curragh Wrens", 1867 le James Greenwood[1]  
Lola Montez, cúirtéiseánach nó bean luí as Contae Shligigh

An ghníomhaíocht a bhaineann le gnéas a bheith agat le daoine eile ar airgead is ea striapachas,[2] nó seirbhísí gnéasacha i gcomaoin íocaíochta.[3][4]

Dorothea Jordan, cúirtéiseánach nó bean luí as Contae Phort Láirge, le John Hoppner
Sráid na Binne Boirbe, BÁC[5]

Ar an 2 Meitheamh, ceiliúrtar Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe Gnéis. Ar an 2 Meitheamh 1975, ghabh 100+ striapach seilbh ar Eaglais Naomh Nizier i Lyon, i gcroí-lár na Fraince.[6] "Obair is ea obair ghnéis" an mana a bhí acu, agus "Mo chorp, mo rogha", Léirigh meas orainn" agus "Stop a gcur leis an gciapadh". Tá ag gach duine an ceart chun obair a dhéanamh, a mhaígh siad, agus "gabhail do shlí beatha atá roghnaithe nó glactha go saorálach aige nó aici."

Tá seirbhísí gnéis a dhíol in Éirinn dleathach faoi roinnt cúinsí.[7] Tá sé in aghaidh an dlí, áfach:

  • Seirbhísí gnéis a cheannach nó tairiscint a dhéanamh ar na seirbhísí sin a cheannach
  • Seirbhísí gnéis a dhíol nó a thairiscint ar shráid nó in áit phoiblí eile
  • Gan bogadh má iarrann Garda, a bhfuil amhras air/uirthi go bhfuil tú ag crochadh thart in áit phoiblí ar mhaithe le striapachas, ort é sin a dhéanamh
  • Teach striapachais a oibriú nó a cheadú teach striapachais a oibriú in áitreabh atá ar léas agat féin
  • Gníomhaíochtaí oibrí gnéis a rialú nó a stiúradh agus brabús a dhéanamh uaidh sin a dhéanamh
  • Iallach a chur ar dhuine éigin a bheith na n-oibrí gnéis agus brabús a dhéanamh uaidh sin a dhéanamh

Rinneadh athruithe tábhachtacha ar an dlí in Éirinn maidir le striapachas san Acht um an Dlí Coiriúil dlí (Cionta Gnéasacha), 2017. Rinneadh cion coiriúil ann d’íoc as seirbhísí gnéis. Ní bhíodh íoc as seirbhísí gnéis ina choir roimhe seo ach má bhí an t-oibrí gnéis ina n-íospartach gáinneála nó ina mionaoiseach. Bhain an tAcht roinnt de na cionta coiriúla freisin a bhí i bhfeidhm maidir le seirbhísí gnéis a dhíol.[7]

Seirbhísí gnéis a cheannach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cion é in Éirinn duine eile a íoc, nó a ghealladh duine eile a íoc nó aon luach saothair nó aon chúiteamh a thabhairt dóibh mar chúiteamh ar “gníomhaíocht ghnéasach”. Má chiontaítear thú, d’fhéadfaí fíneáil €500 a ghearradh ort i ngeall ar an gcéad chion, nó €1000 a ghearradh ort i ngeall ar an dara cion nó ar gach cion ina dhiaidh sin. Anuas air sin, má dhéantar gáinneáil ar an duine, gearrfar pionóis níos mó. Má chiontaíonn an Chúirt Chuarda thú, is iad na pionóis uasta 5 bliana i bpríosún, fíneáil neamhtheoranta nó an dá rud. Is ionann agus cosaint é ar aon chúiseamh a chruthú nárbh fhios agat agus nach raibh aon fhorais réasúnta agat lena chreidiúint go ndearnadh gáinneáil ar an oibrí gnéis.

Ciallaíonn gníomhaíocht ghnéasach aon ghníomhaíocht a mheasfadh duine réasúnta gur gníomhaíocht ghnéasach í. Baineann an dlí go comhionann le fir agus mná.

Is cion freisin é seirbhísí gnéis a iarraidh ó dhuine eile in áit phoiblí mar chúiteamh ar airgead. Má chiontaítear ciontóir, d’fhéadfaí fíneáil €500 a ghearradh orthu i ngeall ar an gcéad chion, agus a mhéid le €1,000 ar an dara cion nó ar gach cion ina dhiaidh sin. Anuas air sin, d’fhéadfaí thú a chur chun príosúin ar feadh a fhaide le 4 seachtaine i ngeall ar an tríú cion nó ar gach cion ina dhiaidh sin.

Is cion i bhfad níos tromchúisí é tairiscint a dhéanamh ar íoc as seirbhísí gnéis a sholáthraíonn duine níos óige ná 17 mbliana agus is féidir le cúirt príosúnacht a fhaide le 5 bliana a ghearradh ar chiontóir i ngeall ar an iarraidh a dhéanamh.[7]

Seirbhísí gnéis a dhíol

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní cion é airgead a fháil in Éirinn (nó aon fhoirm eile d’íocaíocht a fháil) mar chúiteamh ar sheirbhísí gnéis. Tá sé in aghaidh an dlí an tseirbhís seo a fhógairt, áfach. Tá sé in aghaidh an dlí freisin ‘daoine a mhealladh’ in áit phoiblí. Ciallaíonn iarraidh seirbhísí gnéis a thairiscint do dhuine eile mar chúiteamh ar airgead. Is féidir le Garda a cheapann go bhfuil an duine ag crochadh thart in áit phoiblí le daoine a mhealladh iarraidh ar an duine sin fágáil. Is cion é má theiptear an t-ordú seo a chomhlíonadh.

Níl cead ag oibrithe gnéis, chomh maith leis sin, oibriú le chéile san áitreabh céanna. Mar shampla, tá teach striapachais á oibriú faoin dlí ag beirt oibrithe gnéis a chónaíonn le chéile in árasán agus a chuireann seirbhísí gnéis ar fáil ansin.[7]

Airgead a thuilleamh ó obair ghnéis duine eile

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé in aghaidh an dlí in Éirinn brabús a dhéanamh ó obair ghnéis duine eile, nó a ngníomhaíochtaí a rialú nó a stiúradh ar mhaithe le brabús. Is minic a thugtar ‘daoine a chur i mbun striapachais’ air seo, ach d’fhéadfadh teach striapachais a chur ar bun a bheith i gceist leis freisin.

Is cion coiriúil é duine a mhealladh seirbhísí gnéis a sholáthar ar mhaithe le do thairbhe féin airgeadais.

Má fhaightear ciontach i gcion thú faoi na dlíthe seo, d’fhéadfaí fíneáil a mhéid le €5000 agus/nó a fhaide le 12 mhí i bpríosún a ghearradh ort. I gcás cúiseamh níos tromchúisí, d’fhéadfaí a fhaide le príosúnacht 10 mbliana agus fíneáil neamhtheoranta a ghearradh ort.[7]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt eagraíochtaí ann a chuireann seirbhísí ar fáil d’oibrithe gnéis in Éirinn:

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ Donal O'Keeffe (2019-11-20). "The wren women on the edge of every garrison town" (en-GB). The Avondhu Newspaper. Dáta rochtana: 2026-06-02.
  2. ↑ "striapachas - Definition in Irish Gaelic with audio pronunciation for striapachas by Foras na Gaeilge". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2026-06-02.
  3. ↑ oireachtas.ie (1993). "An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 1993". Dáta rochtana: 2020.
  4. ↑ oireachtas.ie (2013). "An Bille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú), 2013". Dáta rochtana: 2020.
  5. ↑ "sraidainm.ie" (2026).
  6. ↑ "Occupation of Saint-Nizier church by Lyon prostitutes" (as en) (2026-06-02). Wikipedia.
  7. 1 2 3 4 5 Citizensinformation.ie. "An dlí maidir le gnéas a dhíol nó a cheannach" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2026-06-02.
  8. ↑ sexworkersallianceireland.org (2026). "Sex Workers Alliance Ireland" (en-IE). Dáta rochtana: 2026-06-02.
  9. ↑ National Women's Council of Ireland | NWCI.ie. "About Us » NWCI.ie" (en). National Women's Council of Ireland | NWCI.ie'. Dáta rochtana: 2026-06-02.