Niall Collins
Is Teachta Dála agus Aire Stáit as Luimneach é Niall Collins nó Niall Ó Coileáin (a rugadh ar an 30 Márta 1973). Tá sé ina bhall d'Fhianna Fáil. Sheas Collins in Olltoghchán na bliana 2007 agus toghadh é mar TD don chéad uair.
Ar an 29 Eanáir 2025, ceapadh Collins ina aire stáit sa Roinn Dlí agus Cirt i Rialtas an 34ú Dáil, ag plé leis an athchóiriú dlí.[1]
Ar an 28 May 2026, ceapadh Collins mar Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, agus foraoiseacht, sábháilteacht ar fheirmeacha agus gairneoireacht faoina chúram aige.
In 2026, bhí fiosrúchán foirmiúil bunaithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí faoin Collins. Bhain an fiosrúchán le gearáin a rinneadh faoi i bhfianaise tuairiscí ar an suíomh gréasáin The Ditch faoi phíosa talún le Comhairle Contae Luimnigh a cuireadh ar díol in 2007, tráth a bhí Collins féin ina chomhairleoir contae. Bhí Collins i measc na n-ionadaithe áitiúla a vótáil i bhfabhar an píosa talún a dhíol agus cheannaigh a bhean chéile é.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An líon is mó airí stáit riamh ceaptha – aireacht na Gaeltachta á coimeád ag Calleary" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-29). Dáta rochtana: 2025-01-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-08-31). "Fiosrúchán foirmiúil bunaithe faoi Niall Collins" (as ga-IE).
| Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |