GAILEARAÍ / Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais bronnta ag ócáid sa Taibhdhearc
Sean Ó Mainnín
Ag ócáid speisialta Ghradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais sa Taibhdhearc i nGaillimh an tseachtain seo caite. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Ag ócáid speisialta Ghradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais sa Taibhdhearc i nGaillimh an tseachtain seo caite. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Sheol Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údaras na Gaeltachta, 'Turas COGG' ag comhdháil na heagraíochta sin in Óstán Chonamara an Céadaoin seo caite. Sheol an saineolaí plandaí agus craoltóir, Aedín Ní Thiarnaigh, sraith painéal 'Flora na hÉireann' a dháilfear ar scoileanna Gaeltachta. Níos luaithe thug Aedín léiriú ar na painéil do dhaltaí Scoil na bhForbacha agus Scoil Éinne an Spidéil. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Dhá uair déag roimh a cruinniú leis an Uachtarán Trump ba léir gur bhain an tUachtarán Catherine Connolly spórt agus taitneamh as comhluadar mhuintir Chonamara agus iad ag ceiliúradh a scríbhneoirí féin. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Chuir os cionn scór gasúr tús lena saol scolaíochta nuair a d'fhreastail siad ar Scoil Sailearna, Indreabhán, Co na Gallimhe den chéad uair Dé Máirt seo caite. Pictiúir: Bertie Ó hAinmhire
Bhí trí chúpla i measc na ngasúr ar a gcéad lá ar scoil i Scoil Mhic Dara, An Cheatrhú Rua i gConamara. Pictiúir: Máirtín Breathnach/Tuairisc
Foireann ban na Gaillimhe seaimpíní peile 2026 tar éis dóibh Ciarraí a chloí i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite. Fuair Seán Ó Mainnín scoth an aicsin lena cheamara do Tuairisc
Bhí muintir Iorrais bailithe i bpáirc CLG Béal a' Mhuirthead Dé Céadaoin seo caite chun fáilte mhór a chur roimh chorn Sam Mhig Uidhir agus foireann Mhaigh Eo go dtí an ceantar. Pictiúir: Conor McKeown
Reáchtáladh an cheolchoirm 'Aniar Aneas, Aniar Aduaidh' mar chuid de Chomhdháil Idirnáisiúnta an Chumainn um Thaighde Ealaíonta 2026 in Ollscoil na Gaillimhe le déanaí. Thug an cheolchoirm seo deis do dhaoine blaiseadh de shaotharscothcheoltóirí phobal na Gaeilge. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Ní raibh ach leigheas amháin ar an mbrothall ag cuairteoirí agus muintir na Gaeltachta amháin: an trá! Chuaigh Tuairisc timpeall na dtránna is cáiliúla i gConamara le blaiseadh den atmasféar agus an aimsir a fháil
Bronnadh €50,000 ó Ciste Pobail Comhar Creidmheasa Cholm Cille, Conamara ar cheithre eagraíocht i searmanas i gceanncheathrú CCCC in Indreabhán, Conamara le deireanaí. Is iad a fuair ná: Pastime Chonamara – €10,000; Cumann Lúthchleas Gael, an Spidéal – €10,000, Scoil Éinne, an Spidéal – €10,000 agus Scoil Cholmcille, an Tulach – €20,000. Pictiúir: Seán Ó Mainnín